Seachtain na Gaeilge i gColáiste Naomh Aibhistín
- Details
- Published: Sunday, 03 March 2019
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís agus go leor gníomhaíochtaí beartaithe ag múinteoirí agus daltaí na scoile. Tosnófar na himeachtaí ar an Luan 4 Márta le ceolchoirm mhór leis an amhránaí cáiliúil John Spillane. Beidh daltaí Bhliain 1 & 2 ag freastal air sa Halla Staidéir sa tráthnóna. Beidh turas ann don 3ú Bliain ar an Déardaoin go dtí pictiúrlann Dhúngarbhán chun an leagan Gaeilge den scannán cáiliúil The Breadwinner (An Saothraí) a fheiscint. Ar na himeachtaí eile a bheidh ar siúl i rith na seachtaine, beidh Tráth na gCeist don 5ú Bliain; comórtas postaer; togra ar logainmneacha; abairt an lae agus ceol traidisiúnta & rince sa halla tosaigh i rith am sosa. Bigí go léir ag labhairt linn i nGaeilge! Beatha teanga í a labhairt!